Brúchtadh Krakatoa (1883)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa bhliain 1883, bhrúcht Sliabh Krakatoa san Indinéis.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Tréimhse ...
| ||||
Cineál | brúchtadh bolcáin | |||
---|---|---|---|---|
Tréimhse | 20 Bealtaine - 21 Deireadh Fómhair 1883 | |||
Dáta na bliana | 1883 | |||
Suíomh | Sliabh Krakatoa, An Indinéis , Krakatoa archipelago, An Indinéis (en) | |||
Tír | Indiacha Thoir na hOllainne | |||
Líon básanna | meastachán 36,417 | |||
Dún
Thosaigh na brúchtaí ar an oileán bolcánach ar an 20 Bealtaine 1883 agus phléasc an sliabh ar an 26/27 Lúnasa. Bhí torann an bhrúchta, an torann is airde a thaifead eolaithe riamh, le cloisteáil i bPerth san Astráil, 3,200 ciliméadar ar shiúl ón láthair.
Meastar gur theilg Krakatoa 50 milliún tonna cré san atmaisféar agus gur dhorchaigh na spéartha thar níos mó ná 1,000 km2.
Thit luaith is smidiríní carraige thar achar 800,000 km2, agus chuir an brúchtadh tús le tonnta fathachúla farraige (súnámaí), 30 m ar airde.
Mharaigh an brúchtadh agus an súnámaí níos mó ná 36,000 duine ar chóstaí Iáva is Shumatra idir 26-28 Lúnasa.