From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is breithrialú[1] ann ná modh nó feiste a úsáidtear chun toirchis a chosc. Tugtar frithghiniúint[2] air freisin, bainte le pleanáil clainne .
Baineann an fearas frithghiniúnach ionútarach[3] feidhm as cornaí is crúcaí plaistigh nó miotail. Is gá go gcuirfidh duine oilte i mbroinn na mná é. Is éifeachtach an modh é seo inniu,[4]
Ba mhór an chéim ar aghaidh chun frithghiniúint éifeachtach a chur ar fáil an piollaire frithghiniúnach. Cuimsíonn an piollaire stéaróidigh cosúil leis na gnéashormóin bhaineanna, éastraigin is prógaistéarón le chéile, nó prógaistéarón amháin. Coisceann sé ubhsceitheadh agus cuireann tús le hathruithe i líneáil is táil an cheirbhics, na broinne is na bhfeadán útarach a dhéanann naimhdeach don speirm iad.
Is éifeachtaí an comhphiollaire éastraigine is prógaistéaróin ná an piollaire prógaistéaróin amháin (an mionphiollaire). Tógtar iad ar feadh 21 lá, agus tarlaíonn an míostrú sa 7 lá ina dhiaidh sin. Ach baineann priacal beag trombóise leis an bpiollaire seo i mná os cionn 35 bliain d'aois ach go háirithe (bíonn an mionphiollaire níos sábháilte do na mná seo, bíodh is nach iomlán éifeachtach é).
Chuir an eaglais is na lianna gairmiúla ina coinne leis na céadta bliain. Ach phléadáil daoine eile ar a son chun an daonra a shrianadh, galair véinéireacha a sheachaint, agus méid clann a rialú.
Tá gairis mheicniúla eile in úsáid — sciatha, scairteacha, is caipíní — a chuireann an bhean isteach ina faighin agus is gá a choinneáil ina ionad ar feadh 6-8 uair i ndiaidh comhriachtana. Feabhsaíonn speirmicíd éifeacht na ngaireas seo.
Clúdach a chuirtear ar an mbod sula dtosaíonn comhriachtain is ea coiscín. As laitéis is sileacón a dhéantar coiscíní.
Bailítear seamhan (nó síol) an fhir i mealbhóg ag barr an choiscín, ionas nach mbeidh sé in ann dul isteach i gcorp mná chun toircheas a sheachaint.
Cuireann coiscín bac ar scaipeadh galar, amhail SEIF. Is cosaint mheicniúil an-éifeachtach é i gcoinne giniúna, agus i gcoinne SEIF is galar eile a tharchuirtear trí ghnéas. Is annamh a theipeann coiscíní[5]. Mar sin, úsáidtear coiscíní go forleathan san iarthar.
Is féidir blasanna éagsúla a bheith ar na coiscíní ar nós sú talún, banana, oráiste is araile. Cinntíonn sin go mbíonn blas deas ar an gcoiscín má tá duine ag diúl ar bhod agus coiscín á chaitheamh.
Tá RU-486 (mifipreastón) ar fáil ó 1988, agus conspóid mar gheall air. Luaitear mar phiollaire ginmhillte é mar cuireann sé tús le caitheamh líneáil na broinne, cosúil le míostrú normálta, agus is féidir é a thógáil seachtain nó dhó i ndiaidh comhriachtana, tar éis ionphlandáil uibhe toirchithe.
Tá seachaint comhriachtana i dtréimhse shábháilte, an modh rithime, bunaithe ar an timthriall míosta a bheith go hiomlán tréimhsiúil agus an t-ubhsceitheadh a bhrath go cruinn, ach ní iontaofa an dá thairiscint seo agus mar sin ní iomlán éifeachtach an modh é seo.
Moltar aistarraingt an phéinis roimh an agall freisin, ach sceitear speirmeacha roimhe sin go minic, agus braitheann sé ar fhéinrialú an fhir: ní féidir go mbeidh sé éifeachtach an t-am ar fad.
Tá ábhar frithghiniúnach iar-riachtana ann, a chuimsíonn an éistrigin shaorga stilbeistreól, a choisceann ionchlannú aon uibhe toirchithe. Ach níl sé seo iontaofa a dhóthain le húsáid go rialta, agus coinnítear i gcomhair éigeandála é (sracadh an choiscín nó comhriachtain neamhchosanta neamhphleanáilte).
Sna modhanna luatha, ní raibh aon cheimiceán ná gaireas meicniúil i gceist. Dhéantaí folcadh faighne le huisce i ndiaidh comhriachtana go forleathan, ach ní héifeachtach é sin mar fhrithghiniúint.[6]
Rinneadh cur síos ar an gcoiscín mar chosaint i gcoinne sifilise sa 16ú céad, nach raibh ann ach truaill lín. D'fhionn Charles Goodyear an bolcáiniú rubair sna 1840idí, bunús le tionsclaíocht an rubair, agus dhíol sé coiscíní.[7]
Rinne na Stáit Aontaithe coir as breithrialú ar bhonn graostachta sa bhliain 1873, nuair a ritheadh an Dlí Comstock[8] D'éirigh ábhar frithghiniúnach aindleathach. Shínigh an tUachtarán Ulysses S. Grant an reachtaíocht ina dhlí ar an 2 Máirt 1873.[9]
Ar an 16 Deireadh Fómhair 1916, d'oscail Margaret Sanger an chéad chlinic bhreithrialaithe sna Stáit Aontaithe, an Brownsville Clinic i mBrooklyn. Gabhadh í tamaill ina dhiaidh.
Bhunaigh Marie Stopes a céad chlinic chun breithrialú a chuir ar fáil i Holloway Londain ar an 17 Márta 1921.
Tháinig eolaithe san Ostair agus sa Seapáin ar an an modh rithime sna 1920idí, agus tháinig eolaithe eile ar an faireog phiotútach timpeall an ama céanna.
Ina thaighde ar atáirgeadh daonna, léirigh an fiseolaí Gregory Pincus go rialaíonn cuid de na hormóin shaorga nua an torthúlacht go maith. As seo a saothraíodh an chéad phiollaire frithghiniúna sna 1950idí.[10]
Sa bhliain 1968, sheol an Pápa Pól VI an imlitir Humanae Vitae[11]. Foilsíodh an imlitir seo de thoradh Dara Comhairle na Vatacáine. Chuir an eaglais cosc ar Chaitlicigh an fhrithghiniúint a úsáid. Bhí mórchuid de Chaitlicigh liobrálacha ina choinne. Níor ghlac siad ina iomláine le himlitir Humanae Vitae.[12]
Chosain an Pápa Proinsias ó shin go láidir an cosc a chuir an Pápa Pól VI ar Chaitlicigh i 1968 an fhrithghiniúint a úsáid.[13],[14] Dúirt sé go raibh leor bealaí a bhí ceadaithe ag an eaglais lena chinntiú nach mbeadh in aon teaghlach ach an lion páistí a bhí uathu. Thagair an Pápa do shaineolaithe daonra a mholann gan níos mó ná triúr páistí bheith i dteaghlach.[15]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.