Páirtí an Athchóirithe (An Ríocht Aontaithe)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Páirtí an Athchóirithe, ar a dtugtaí Páirtí an Bhreatimeachta go dtí le déanaí (Reform Party/Reform UK agus Brexit Party as Béarla) ar cheann de na páirtithe polaitiúla sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 2019 faoin ainm The Brexit Party, D'éirigh an pobalóir Nigel Farage ina cheannaire air.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | pobalachas ar an eite dheas Eoraisceipteach |
Foirm dlí | cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna |
Foirm dlí | |
Scartha ó | Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe |
Téann in áit | Brexit Party |
Dáta a bunaíodh | 20 Eanáir 2019 |
Gníomhaíocht | |
Ballraíocht | 4 (2020) |
Rialachas corparáideach | |
Uachtaránacht | Richard Tice (en) (2021–) |
Úinéir | Nigel Farage (53.3%). Richard Tice (en) (33.3%). Paul Oakden (en) (6.7%). Mehrtash A'zami (en) (6.7%). |
Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe (2024) | |
Eile | |
Dath | |
Suíomh gréasáin | reformparty.uk |
Bunaíodh é chun feachtasaíocht a dhéanamh ar son imeacht láithreach na Ríochta Aontaithe den Aontas Eorpach, mar dheireadh don phróiseas Breatimeachta, agus b'í tuairim an pháirtí gur 'fealladh ar an daonlathas' é nár imigh an Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach ar spriocdháta bunaidh an phróisis, 30ú Aibreán 2019.[1]
Sheas an páirtí a chéad iarrthóirí polaitiúla sna toghcháin Eorpacha i Mí na Bealtaine 2019. Bhain sé amach 31% den vóta agus 29 de na 73 shuíochán a bhí le fáil sa Ríocht Aontaithe, é sin á chur ar an bpáirtí ba mhó sa toghchán sin. Fuair siad 2% de na vótaí in Olltoghchán 2019 na Ríochta Aontaithe, gan suíochán ar bith i dTeach na dTeachtaí a bhaint amach.
Ar 6ú Mí Eanáir 2021, athainmníodh an páirtí go hoifigiúil mar Reform UK, ó tharla gur éirigh leis an bpáirtí an Breatimeacht a bhaint amach ar bhealach a mheas siad a bheith sásúil. Bhí an páirtí ag feachtasaíocht ag an am in aghaidh na dianghlasála Cóivid-19 agus ar son athchóiriú a dhéanamh ar an BBC agus Teach na dTiarnaí na Ríochta Aontaithe.[2][3]
I mí na Márta 2021, tháinig Richard Tyce i gcomharba ar Farage mar cheannaire an pháirtí.[4]
Sheas Farage mar iarrthóir in Olltoghchán na Breataine 2024 i dtoghlach Clacton in oirthear Shasana. Ar dtús, dúirt sé nach mbeadh sé san iomaíocht sa toghchán.[5][6]