Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019
From Wikipedia, the free encyclopedia
Reáchtáladh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019 sa Ríocht Aontaithe ar 12ú Mhí na Nollag 2019.
Cineál | Olltoghchán na Ríochta Aontaithe toghchán tobann | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 12 Nollaig 2019 | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Baint le limistéar údaráis | an Ríocht Aontaithe | |||
Oifig le buachan | Feisire Parlaiminte (An Ríocht Aontaithe) (650) | |||
Iarrthóir | An Páirtí Coimeádach (13,966,454) Páirtí an Lucht Oibre (10,269,051) Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (1,242,380) An Páirtí Daonlathach Liobrálach (3,696,423) Páirtí Aontachtach Daonlathach (244,128) Sinn Féin (181,853) Plaid Cymru (153,265) Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (118,737) Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige (865,715) Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (134,115) | |||
Iarrthóir ar éirigh leis/léi | An Páirtí Coimeádach Páirtí an Lucht Oibre Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba An Páirtí Daonlathach Liobrálach Páirtí Aontachtach Daonlathach Sinn Féin Plaid Cymru Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann | |||
Codanna | ||||
Cuireadh an reachtaíocht maidir le holltoghchán a cheadú sa Bhreatain i mí na Nollag faoi bhráid Theach na dTiarnaí ar 30 Deireadh Fómhair 2019.[1]
Bhí tromlach glan tugtha ag pobal na Breataine do Pháirtí Caomhach an Phríomh-Aire Boris Johnson. Os cionn 360 suíochán a bhuaigh na Tóraithe san olltoghchán - gaisce nach ndearnadh ón mbliain 1987.[2]
Bhí Jeremy Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre cloíte. Ach bhí gaoth úr faoi sheolta Pháirtí Náisiúnta na hAlban a bhuaigh beagnach 50 suíochán. Éileoidh Nicola Sturgeon an dara reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.
Den chéad uair riamh sa Tuaisceart, bhí níos mó suíochán ag náisiúnaithe ná aontachtaithe.
Dúirt an Príomh-Aire caithréimeach, Boris Johnson, go raibh sainordú láidir tugtha ag an bpobal dó "Breatimeacht" a chur i gcrích.
Rinne Leo Varadkar comhghairdeas le Boris Johnson as ollbhua na dTóraithe.[3][4][5]