Briseadh (cnámh)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa mhíochaine, briseadh i leanúnachas cnáimhe. De ghnáth tarlaíonn a leithéid de bharr fórsa sheachtraigh, ach is féidir go dtarlóidh de bharr galair (briseadh paiteolaíoch), cosúil le hailse cnáimhe a chuireann isteach ar struchtúr is ábhar na cnáimhe. Tarlaíonn briseadh cnáimhe i bhfoirmeacha éagsúla, ó bhriseadh trasnach líne caoile gan díláithriú (briseadh scolbach) go dtí briseadh dian ina mbristear an chnámh i roinnt mionphíosaí (briseadh spruánach). Bíonn cumas fiúntach ag cnámha a bpíosaí a athaontú, ach braitheann an chóireáil is an toradh ar cé chomh maith is a dhéantar na fo-phíosaí a ailíniú leis an mbunchnámh is a choinnítear iad mar sin le linn an athaontaithe. Má ailíníonn na píosaí go maith, is féidir iad a choinneáil in áit le cléithín simplí le linn an athaontaithe. Ach i gcás bristí créachtacha is bristí díláithrithe, is féidir go mbeidh gá le láimhsiú sa tréimhse athaontaithe, nó bioráin is scriúnna miotalacha chun na píosaí cnáimhe a choinneáil ailínithe is le chéile.[1]
Cineál | mórthráma, galar cnáimhe agus gortú |
---|---|
Speisialtacht leighis | Oisté-eolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Scrúduithe | radagrafaíocht leighis |
Cógais | |
Pataigineas | |
Cúis | briseadh struis agus gortú |
Éifeacht | bone pain (en) |
Aicmiú | |
ICD-10 | T14.2 |
ICD-9 | 829 |
CIAP | L76 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 4939 |
MedlinePlus | 000001 |
MeSH | D050723 |
UMLS CUI | C0016658 |