From Wikipedia, the free encyclopedia
Dúnmharaíodh 194 duine i Maidrid, an Spáinn ar an 11 Márta 2004 in eachtraí sceimhlitheoireachta Ioslamachaː
| |||||
Cineál | dúnmharú líonmhar ionsaí sceimhlitheoireachta | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Jihadism in Spain (en) | ||||
Dáta na bliana | 11 Márta 2004 (07:30) | ||||
Suíomh | Maidrid, An Spáinn | ||||
Tír | an Spáinn | ||||
Rannpháirtí | |||||
Sprioc | Cercanías Madrid (en) | ||||
Ba chúis leis | Reactions to the 2004 Madrid train bombings (en) | ||||
Líon básanna | 193 | ||||
Líon gortaithe | 1,856 | ||||
Arm | backpack bomber (en) Goma-2 (en) | ||||
Dúnmharaíodh 194 duine agus gortaíodh timpeall 2,050.
Chuir triúr (Jamal Zougam, Sarhane Abdelmaji agus Jamal Ahmidan) lámh ina mbás féin ar an 3 Aibreán 2004. D'éalaigh sceimhlitheoirí eile.
Ar 31 Deireadh Fómhair 2007, ciontaíodh 21 duine.[1]
Tharla na hionsaithe trí lá roimh olltoghcháin na Spáinne. Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta 2004, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Mártaː[2]
Ar an lá céanna, d’ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht. Fiú ghlac Rún 1530 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gurb é ETA a bhí freagrach as an sléacht.[3][4]
Ach oíche roimh an olltoghchán, ghlac rialtas an Partido Popular (ar an eite dheis) leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin. Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an Partido Popular agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile. Is é an mana a bhí le cloisteáil ná "queremos la verdad antes de votar": “táimid ag iarraidh na fírinne sula gcaithimid ár vótaí”. Bhí bua ollmhór ag an Partido Socialista san olltoghchán an lá dár gcionn.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.