![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c0/Stromatolites.jpg/640px-Stromatolites.jpg&w=640&q=50)
Bunús na beatha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá na saghsanna éagsúla beatha ar Domhan tar éis athrú trí éabhlóid ó na bunsaghsanna a bhí ann timpeall 3,000 milliún bliain ó shin, orgánaigh aoncheallacha. Tá próiseas na héabhlóide seo á staidéar trí gheolaíocht, anatamaíocht is bitheolaíocht mhóilíneach. Ní raibh ann sa chéad 2,000 milliún bliain ach miocrorgánaigh, cosúil le baictéir nó algaí. Timpeall 1,000 milliún bliain ó shin tháinig orgánaigh le cealla is núicléas iontu ar an bhfód, agus ba thapa a tharla an éabhlóid ina dhiaidh sin. Tháinig orgánaigh chasta ilcheallacha chun tosaigh le linn an 500 milliún bliain dheiridh.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c0/Stromatolites.jpg/320px-Stromatolites.jpg)