Cabhlach cogaidh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Brainse de na fórsaí armtha a bhíonn i mbun cogaíochta is cosaint loingis ar an bhfarraige is ea cabhlach cogaidh.
Tábhachtach leis na cianta. Mar shampla,
an bua cinniúnach a bhí ag na Gréagaigh i 480 RC a chloígh ionradh na bPeirseach, ba i gcath muirí é sin.
Sa 10ú céad bhí cabhlach 50,000 fear le longa armtha cogaidh ag impireacht na Síne.
Ról an-mhór ag cabhlaigh sna cogaí domhanda le fomhuireáin, iompróirí aerárthach is soithigh dhébheathacha, chomh maith le longa éagsúla cogaidh.
Ó lár an 20ú céad tá dualgais breise ar chabhlaigh maidir le cosc núicléach, fomhuireáin chun diúracáin bhalaistíocha a lainseáil, agus fomhuireáin núicléacha.[1]