mainicín agus aisteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ban-aisteoir agus mainicín Éireannach is ea Caitríona Balfe, a rugadh ar 4 Deireadh Fómhair 1979 i mBaile Átha Cliath. Aithníonn an saol mhór í go háirithe de bharr a ról mar Claire Fraser sa tsraith Starz úd Outlander, ról a bhuaigh Gradam People's Choice di faoi dhó agus dhá cheann de na Gradaim Saturn. Ainmníodh í faoi dhó do Ghradam Golden Globe mar "bhanaisteoir is fearr".
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Caitríona Balfe |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 4 Deireadh Fómhair 1979 44 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath |
Teanga dhúchais | Béarla |
Airde | 178 cm |
Dath súile | Gorm |
Dathán gruaige | Gruaig dhonn |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht scannáin |
Gairm | ban-aisteoir (2009–), mainicín (1998–2008), léiritheoir scannáin |
Tréimhse oibre | 1998 – |
Teangacha | Béarla, an Ghaeilge agus an Fhraincis |
Gníomhaire | Modelwerk (en) , IMG Models (en) agus Elite Model Management |
Gradam a fuarthas
| |
|
Tógadh Caitriona i dTigh Damhnata, i gContae Mhuineacháin. Tá Gaeilge líofa aici. Sa bhliain 1999, agus í ag déanamh staidéir i dTeach an Cheoil agus Dráma in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tairgeadh post mainicíneachta di i bPáras. Chaith sí deich mbliana ag déanamh feachtas fógraíochta agus ag obair ar rúidbhealaigh sular iompaigh sí ar ais ar an aisteoireacht.
Thug scabhta ó ghníomhaireacht mainicíneachta Balfe faoi deara agus í ag bailiú airgid ar son carthanachta taobh amuigh de shiopalann i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sí leis an obair sin go lánaimseartha. Sna blianta 2002 agus 2003, thuill sí $300,000 nach mór ag obair mar mhainicín in Milano, san Iodáil, ach chuaigh an ghníomhaireacht bancbhriste agus ní bhfuair sí an t-airgead. Tharla rud cosúil leis sin arís sa bhliain 2009. (Mar gheall ar a leithéid bunaíodh an Model Alliance.)[1][2]
Ag smaoineamh ar an seal a chaith sí ag mainicíneacht, dúirt Balfe “Modeling wasn't a passion of mine so that made it get old kind of quickly. I was getting very frustrated.” Deir sí nach rachadh sí ar ais chuig an cheird sin go lánaimseartha.
Chuaigh Balfe go Cathair Nua-Eabhrac mar a raibh mionpháirt aici sa scannán úd The Devil Wears Prada. Ansin chuaigh sí go Los Angeles agus rinne sí staidéar ar an aisteoireacht.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.