Caorthann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is crann é caorthann[1] (Béarla: rowan), atá gaolta le coll agus dair. Is ainm níos sine ar an gcrann céanna é luis.[2]
Fíricí Gasta Sorbus, Planda ...
Sorbus | |
---|---|
Sorbus aucuparia | |
Planda | |
Cineál an toraidh | póma |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Rosaceae |
Fofhine | Maloideae |
Géineas | Sorbus L., 1753 |
Dún
Bíonn rath ar chaorthann in ithreacha bochta. Is féidir leis fás go hairde 15–20m agus tá coirt mhín liathdhonn aige. Tá na bláthanna buíbhán agus le feiceáil i mBealtaine — forbraíonn siad ina gcaora dearga le teacht an fhómhair. Is foinse bhia thábhachtach iad na caora d’éin sna hardtailte agus sléibhte.
Bhain draíocht leis an gcrann sa bhéaloideas. Bhí an Searbhán Lochlannach ag cosaint an chrainn i scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne ach d'imir Diarmaid (laoch cróga glic) cleas air.