polaiteoir Catalónach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir agus iaririseoir ón gCatalóin é Carles Puigdemont i Casamajó (fuaimniú Catalóinise: [ˈkarɫəs pudʒðəˈmon me kəzəməˈʒo]) a rugadh ar an 29 Nollaig 1962. Is iar-Uachtarán ar Generalitat na Catalóine é.
Bhí Puigdemont ina bhall de Pharlaimint na Catalóine idir 2010-202. Is iar-mhéara ar chathair Girona é (2011-2016).[1]
Bhí Puigdemont ar an 130ú Uachtarán ar Generalitat na Catalóine idir 2016-2017, a bhuíochas do chomhaontú idir Junts pel Sí agus an CUP.[2][3]
Bhí Puigdemont i mbun nuair a reáchtáladh Reifreann Neamhspleáchais na Catalóine ar an 1ú lá Deireadh Fómhair 2017, vóta a tharraing conspóid an-mhór. Rinne rialtas na Spáinne iarracht é a chur faoi chois.[4]
Ansin theith Puigdemont ón gCatalóin in 2017 nuair a chúisigh na húdaráis é in airgead poiblí a chaitheamh go mídhleathach ar an reifreann.
Sa bhliain 2019, toghadh Puigdemont mar fheisire chuig Parlaimint na hEorpa.
I mí na Bealtaine 2024, ritheadh dlí i bParlaimint na Spáinne ag tabhairt pardún ginearálta do na daoine ar nós Puigdemont a bhí freagrach as an reifreann a reáchtáil. Rialaigh Cúirt Uachtarach na Spáinnne, áfach, nach bhféadfaí aon phardún a thabhairt do Puigdemont ná do bheirt eile atá cúisithe i gcúbláil airgid in éineacht leis.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.