Ceann Trá
sráidbhaile i gContae Chiarraí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Sráidbhaile Éireannach i gContae Chiarraí é Ceann Trá[1] (nó Fionntrá nó Fionn Trá; Béarla: Ventry), Corca Dhuibhne, seacht gciliméadar taobh thiar den Daingean. B'é Ceann Trá an calafort ba thábhachtaí ar an leithinis fadó, agus ceann scríbe coitianta atá ann do thurasóirí inniu.
Fíricí Gasta Suíomh, Logainm.ie ...
Ceann Trá | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chiarraí | |||
Logainm.ie | 22808 |
Dún
Tá an sráidbhaile suite ar an imeall thuaidh de Chuan Fhionn Trá i dtírdhreach ardluacha idir an fharraige agus An Chathair Ard, thart ar seacht gciliméadar siar ó dheas ó Dhaingean Uí Chúis ar Chuaird Cheann Sléibhe, R559 – bealach tábhachtach turasóireachta.