![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a6/Charles_Maurice_de_Talleyrand-P%25C3%25A9rigord_by_Fran%25C3%25A7ois_G%25C3%25A9rard%252C_1808.jpg/640px-Charles_Maurice_de_Talleyrand-P%25C3%25A9rigord_by_Fran%25C3%25A7ois_G%25C3%25A9rard%252C_1808.jpg&w=640&q=50)
Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord
taidhleoir Francach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Talleyrand de ghnáth ar Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord, polaiteoir agus taidhleoir a rugadh ar 2 Feabhra 1754 i bPáras agus a cailleadh sa chathair úd ar 17 Bealtaine 1838. Bhain sé le muintir uasal, rinneadh sagart de ar chomhairle a uncail, Ardeaspag Réims, agus ceapadh é mar Easpag Autun. Le linn na Réabhlóide thréig sé an chléir agus phós.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/aa/Charles_Maurice_de_Talleyrand_P%C3%A9rigord_%281754%E2%80%931838%29%2C_Prince_de_B%C3%A9n%C3%A9vent_MET_DP319487.jpg/640px-Charles_Maurice_de_Talleyrand_P%C3%A9rigord_%281754%E2%80%931838%29%2C_Prince_de_B%C3%A9n%C3%A9vent_MET_DP319487.jpg)
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/61/Charles_Maurice_de_Talleyrand-P%C3%A9rigord_-_Pierre-Paul_Prud%27hon.jpg/640px-Charles_Maurice_de_Talleyrand-P%C3%A9rigord_-_Pierre-Paul_Prud%27hon.jpg)
Bhí poist aige mar a leanas:
- ardghníomhaire na cléire sa Seanreacht, go dtí 1789
- uachtarán na Comhdhála Náisiúnta agus taidhleoir le linn na Réabhlóide,
- Aire Gnóthaí Eachtracha le linn na Stiúrthóireachta, na Consalachta agus an Chéad Impireacht,
- Príomh-aire sa bhliain 1815 faoi Louis XVIII, agus
- taidhleoir nó comhairleoir le linn na monarcachtaí ina dhiaidh sin, go dtí 1834.
Bhí an-mhuinín ag Napóilean as, agus clú na meanman agus na hintleachta air. Tuairimí difriúla ag lucht a linne de: é glic agus fealltach, nó ina fhear neamh-mhaol de Ré na hEagnaíochta.[1] Cuimhní cinn breactha aige agus staraithe idir dhá chomhairle faoina iontaofacht atá siad.
"Ils n’ont rien appris, ni rien oublié" — níl dada foghlamtha acu, níl dada dearmadta acu a dúirt an taidhleoir Francach Talleyrand fadó. Is iad na Bourbons, ritheaglach na tíre, a thug air a ghearán a dhéanamh.[2]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a6/Charles_Maurice_de_Talleyrand-P%C3%A9rigord_by_Fran%C3%A7ois_G%C3%A9rard%2C_1808.jpg/640px-Charles_Maurice_de_Talleyrand-P%C3%A9rigord_by_Fran%C3%A7ois_G%C3%A9rard%2C_1808.jpg)