Cineál Chonaill
From Wikipedia, the free encyclopedia
Géag Uí Néill an Tuaiscirt ba ea Cineál Chonaill (Sean-Ghaeilge Cenél Conaill) a mhaíodh gurbh é Conall Gulban mac Néill Naoighiallaigh a sinsear, an chéad Éireannach a d'iompaigh ina Chríostaí, a deirtear. Tugadh Tír Chonaill ar a ríocht dhúchais, agus a n-ionad cumhachta ar Mhaigh Íotha i nGleann na Finne. Leathadar de réir a chéile isteach i gcontaetha Dún na nGall agus Fear Manach an lae inniu.
Bhíodh Cineál Chonaill ag troid go minic lena ngaoil, Cineál Eoghain, agus ghabhadar faoin 12ú haois a lárionad Aileach ar Inis Eoghain Tháinig Cineál Eoghain ina n-ionad áfach mar ríthe Uí Néill an Tuaiscirt.
Seo a leanas liosta de phríomhchlanna an Chineáil.
Is é is Colm Cille, a bhunaigh mainistir Dhoire, an bhall is cáiliúla de chuid Cineál Chonaill. Maítear gur gharmhac Chonaill Ghulbain é.[1]