From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é atá i gceist le ciníochas ná smaoineamh nó claontacht a deir gur fearr ciníocha áirithe ná cinn eile.
Is féidir leis an gciníochas seo a bheith bunaithe ar dhlíthe tíre ar nós an chórais apairtéid a bhí san Afraic Theas nó feiniméan leanúnach i measc phobail ar nós an fhrith-Ghiúdachais a bhí mar chúl taca don Uileloscadh le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Reáchtáiltear Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú ar an 21 Márta.
Brú eacnamaíochta agus easpa a chuireann daoine réasúnacha i dtreo an fhuatha agus an naimhdis.[1] Tá manaí na heite deise le cloisteáil timpeall an domhain – cén fáth go mbeadh ár gcuid acmhainní á roinnt le heachtrannaigh nuair nach bhfuil ár ndóthain againn féin?[2] Ach is léir na buntáistí eacnamaíocha a bhaineann leis an inimirce ó thaobh na maicreacnamaíochta de [3][4]
Rinne comhlacht neamhspleách Pivotal taighde thar ceann an Choimisiúin Comhionannais Thuaisceart Éireann féachaint le faisnéis bheacht a fháil faoin gceist ‘Tionchar an Bhreatimeachta ar Mhionlaigh Eitneacha agus Inimircigh i dTuaisceart Éireann’. Scrúdaíodh fíorthaithí agus braistint na ndaoine chomh maith leis na torthaí shocheacnamaíocha a bhí agus a bheidh ag an mBreatimeacht ar na mionlaigh sin abhus.[5][6][7] D’airigh go leor gur thug Breatimeacht ugach do dhaoine chun naimhdeas d’inimircigh a nochtadh.
Bhí méadú ar eachtraí fuatha in aghaidh dhaoine ón Áise ó 2016, bliain an reifrinn a ghlac leis an mBreatimeacht agus ardú go ginearálta ar mhaslú nó ionsaí ar inimircigh/ Ina theannta sin ar fad bhí daoine míshuaimhneach, imníoch faoina stádas i ré an Bhreatimeachta.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.