Ciombail
From Wikipedia, the free encyclopedia
Gléas ceoil an-ársa. Sa cheolfhoireann nua-aoiseach bíonn na ciombail i bpéirí, déanta as cóimhiotal copair is stáin, le trastomhas 40-50 cm. Buailtear le chéile iad, aghaidh ar aghaidh, nó crochtar ar sheastán agus buailtear iad le bata druma. Ní bhíonn airde ar leith acu, ach bíonn ciombail bheaga sheanaimseartha, a dtugtar crotail orthu, tiúnta d'airdí cruinne. Bíonn sraith ciombal saor ar sheastáin i dtrealamh an drumadóir snagcheoil.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Aicmiú Hornbostel-Sachs ...
Cineál | concussion vessels (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 111.142 |
Sampla fuaime | |
Gairm ealaíonta | cymbal player (en) |
Dún