Clabhchorda
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is clabhchorda[1] ann ná gléas ceoil méarchláir a úsáideadh sa 15ú-18ú céad. Athbheodh le déanaí é chun luathcheol a sheinm go príomha. Nuair a bhrúitear na heochracha buaileann tadhlaithe na sreanga, a ritheann go hingearach leis an méarchlár is a thiúntar i bpéirí. Maolaítear creatháin na sreang le héadach nó feilt ag a gcinn. Bhí stiallóga i gclabhchordaí luatha ionas gurbh fhéidir cuid mhaith nótaí difriúla a fhuaimniú le péire sreang, ag brath ar an áit ar bhuail an tadhlaí iad. I gclabhchordaí déanacha gan stiallóga, d'fhuaimnigh eochair amháin péire sreang chun nóta amháin a dhéanamh. Bhí an ton beag ach taitneamhach.[2]
Fíricí Gasta Cineál, Aicmiú Hornbostel-Sachs ...
Cineál | uirlis mhéarchláir agus true board zithers with resonator box (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 314.122-4-8 |
Sonraí | 12 haois |
Dún