![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/85/Refraction_photo.png/640px-Refraction_photo.png&w=640&q=50)
Comhéifeacht athraonta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is comhéifeacht athraonta ann ná an tomhas ar chóimheas luas forleata an tsolais i bhfolús is an luais san ábhar. Úsáidtear an tsiombail n uirthi, agus n > 1 i ngach meán. In aer na = 1.0003, agus in uisce nu = 1.33. Uaidh seo, is féidir a rá go bhfuil luas an tsolais in uisce timpeall 75% dá luas san aer.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/85/Refraction_photo.png/640px-Refraction_photo.png)