From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é Constaintín Mór nó Constaintín I, nó Flavius Valerius Constantinus Impire na Róimhe idir 306 AD agus 337 AD. Rugadh é timpeall na bliana 280 AD i Niš (Naissus, Seirbia) agus d'éag sé ar 22 Bealtaine 337 AD. Ba eisean an chéad impire de chuid na Róimhe a ghlac leis an gCríostaíocht agus ba é a chinn ar leas a bhaint as an fiche cúigiú lá de mhí na Nollag mar dháta seasmhach na féile.
Bhain Constaintín cáil ar leith amach de bharr gur bhain an t-arm Rómhánach faoina stiúir úsáid as comhartha Críostaíochta don chéad uair, ag cath Milvio[1]. Chloí sé ann a namhaid Maxentius, ar 28 Deireadh Fómhair 312 AD.
An bhliain dár gcionn, 313 AD, tugadh cead do na Críostaithe a gcreideamh a chleachtadh san Impireacht Rómhánach.
Chuir Constaintín An Chéad Comhdháil Nicea ar bhun sa bhliain 325 AD, rud a raibh tionchar ollmhór aige ar fhorbairt na Críostaíochta. Mar sin, bhunaigh sé Féile na Nollag, dar le Seán Ua Cearnaigh[2].
Ba é Constaintín a chuir i gcrích an Bhaisleac Nova[3] sa Róimh tar éis na bliana 313 AD.[4]
Thóg an tImpire Constaintín Baisleac Naomh Peadar i 330 A.D. ar bharr seanreilig phágánach áit a gcreidtear gur cuireadh iarsmaí an Naoimh i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn.[5]
Bhog Constaintín ardchathair na himpireachta as an Róimh go dtí an Bhiosáint. Bunaíodh an chathair sa bhliain AD 324. Tiomnaíodh í ar 11 Bealtaine 330 agus athainmníodh an chathair, Cathair Chonstaintín, in ómós don impire.
Thug Constaintín Mór bonn nua isteach, an soladas.[6] Choinnigh an soladas an meáchan agus an t-ábhar miotail lómhair a bhí ann ó thús suas go dtí lár an 11ú céad. Dá bhrí sin, bhí a cháil amuigh agus bhí sé ar an mbonn ba thábhachtaí a bhí in úsáid do thrádáil idirnáisiúnta ar feadh cúig chéad bliain.
D'éag Constaintín ar 22 Bealtaine 337 AD in Nicomedia (izmir inniu).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.