Cora Droma Rúisc
baile i gContae Liatroma / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Cora Droma Rúisc[1] (Fuaimniú, Carrick-on-Shannon i mBéarla) príomhbhaile Chontae Liatroma. Bhí 3,980 duine ina gcónaí i gCora Droma Rúisc sa bhliain 2011.
Cora Droma Rúisc | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Liatroma | |||
Príomhchathair de | ||||
Tíreolaíocht | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tSionainn | |||
Airde | 45 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1416694 | |||
Suíomh gréasáin | carrickonshannon.ie |
Is ag áth na Sionainne atá Cora Droma Rúisc suite. Tá an baile i bparóiste sibhialta Chill Tachúrc (Kiltoghert i mBéarla). Ainm ban-naoimh is ea Tachúrc (< Tathchumhrac < Tocomracht, et var.).
Tá foirgnimh stairiúla i gCora Droma Rúisc cosúil le Teach na mBocht agus Reilig an Ghorta.
Ar an Sráid Mhór is ea an Eaglais Chaitliceach Naomh Muire, tógtha i stíl Neo-Gotach. Tá sé suite ar phointe trasnaithe straitéiseach Abhainn na Sionainne.
Foilsítear sa bhaile é an Leitrim Observer (gach Céadaoin) agus an Northwest Express.
Is é “an Dock” ionad ealaíon atá lonnaithe sa bhfoirgneamh athchóirithe “teach cúirte” den 19ú hAois.
Tá an baile freastaltha leis an líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Sligeach.