Cruas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tomhas ar fhriotaíocht ábhair do dhingeadh is scríobadh is ea cruas. Tá sé gaolta go ginearálta le géillstrus, neart teanntachta, agus neart comhbhrúiteachta an ábhair. Déantar an tomhas (i dtástálacha Brinell is Vickers) trí dhingeadh a dhéanamh go caighdeánach sa dromchla, agus leithead nó doimhneacht na dinge a thomhas. I dtástáil Mohs, atá níos cáilíochtúla, déantar iarracht an dromchla a scríobadh le gach ceann de na hábhair seo a leanas go ndéantar scríobadh air, agus luaitear cruas Mohs an ábhair scríobtha sin leis an dromchla:
Tuilleadh eolais Ábhar scríobtha, Measúnú cáilíochtúil ...
Ábhar scríobtha | Measúnú cáilíochtúil | Cruas Mohs |
---|---|---|
talc | brúnn ionga láimhe é | 1 |
gipseam | scríobann ionga láimhe é | 2 |
cailcít | scríobann bonn copair í | 3 |
fluairít | scríobann gloine í | 4 |
apaitít | scríobann scian póca í | 5 |
iathchloch | scríobann grianchloch í | 6 |
grianchloch | scríobann líomhán cruach í | 7 |
tópás | scríobann corandam é | 8 |
corandam | scríobann diamant é | 9 |
diamant | 10 |
Dún
Mianreolaí Gearmánach ab ea Friedrich Mohs (1773-1839), agus cheap sé an tástáil seo i 1812.[1]