spórt foirne From Wikipedia, the free encyclopedia
Is spórt foirne é cruicéad. Bíonn aon imreoir déag ar an bhfoireann.
Cineál | spórt foirne, cluiche liathróide agus cluiche slacán-agus-liathróid |
---|---|
Cruthú | 1909 |
Tír dhúchais | Sasana |
Tugadh ‘Cluiche na nUasal’ ar an gcruicéad ón am ar ceapadh é ar dtús in iardheisceart Shasana timpeall na bliana 1611. Luadh an t-ainm sin leis mar go mba iad an aicme sin ba mhó a chleacht é, ach ba mhian leo siúd a mb’ansa leo é a thabhairt le fios go raibh ionracas ag baint leis nach raibh le cluichí eile.[1]
Ní i gcónaí a bhí sin fíor fiú sa gcomórtas is measúla dá bhfuil ann. Ba iad na Sasanaigh a bhí ceannasach sa gcruicéad go dtáinig aimsir an Chogaidh Mhóir, ach as sin go dtí 1925 níor bhuaigh siad ach ceann amháin de na 15 Teist a imríodh.
Ach faoin mbliain 1930 ba ag na hAstrálaigh a bhí an t-imreoir ab fhearr ar domhan – Don Bradman. As féin, ba nós le Bradman pé foireann a bhí ag imirt ina choinne a chéasadh. Scóráil sé 974 rith in aghaidh Shasana i Sraith 1930 – curiarracht a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Sa tSraith a lean shocraigh na Sasanaigh seift a tharraingt chucu féin faoina ndíreodh siad caitheamh na liathróide ar fhear an bhata féin, seachas ar an ngeata. D’fhágfadh sin go mbeadh seisean ag díriú air é féin a chosaint agus gan de thriail aige a bheith ar thóir scóranna. ‘Bodyline’ a tugadh air.
Cé gur áitigh siad go diongbháilte nach raibh siad ag sárú aon riail, tharraing a mbeartas clampar, fiú tarraingíodh anuas é i bparlaimintí na dtíortha a bhí i gceist. Níos deireanaí cuireadh athrú ar na rialacha lena leithéid a sheachaint.
Céad bliain dár gcionn meastar ‘Bodyline’ a bheith chomh tábhachtach go bhfuil cláracha teilifíse á ndéanamh fós faoi.[1]
Is gaire cruicéad an lae inniu don chluiche cúirtéiseach, dea-bhéasach a bhí i gceist acu siúd a chéadcheap é, agus tá a rian féin fágtha ar an airgead air.
Cuirfidh sé iontas ort gur i gcruicéad na hIndia atá an pá is gaire dó sin á íoc – meánteacht isteach $5.3m ag imreoirí i bPríomhroinn Chruicéid na tíre sin.
Bíonn cuid d’imreoirí Shasana agus na hAstráile páirteach ansiúd agus saothraíonn a mbunáite idir €1m agus €2m as sin le cur leis an €1m a íoctar sa mbaile leo.[2]
Tá an spórt seo ag éirí níos coitianta in Éirinn le déanaí agus bhuaigh an fhoireann náisiúnta i gcoinne na Pacastáine sa Chorn Domhanda ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 2007.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.