![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5c/ICIJ_logo.svg/langga-640px-ICIJ_logo.svg.png&w=640&q=50)
Cuibhreannas Idirnáisiúnta na nIriseoirí Iniúchta
Líonra domhanda neamhspleách d' iriseoirí iniúchta / From Wikipedia, the free encyclopedia
Líonra domhanda neamhspleách de 280 iriseoir iniúchta agus os cionn 140 eagraíocht meáin thar níos mó ná 100 tír is ea Cuibhreannas Idirnáisiúnta na nIriseoirí Iniúchta, Crp. (CIII) (Béarla: International Consortium of Investigative Journalists, Inc. (ICIJ), [1] Tá sé bunaithe i Washington, DC le pearsanra san Astráil, sa Fhrainc, sa Spáinn, san Ungáir, sa tSeirbia, sa Bheilg agus in Éirinn.[2]
Sheol an t-iriseoir Meiriceánach Charles Lewis an CIII i 1997 mar thionscnamh de chuid an Ionaid um Ionracas Poiblí (Center for Public Integrity), [3] agus é mar aidhm aige coireacht agus caimiléireacht idirnáisiúnta a nochtadh. Sa bhliain 2017, rinneadh eagraíocht iomlán neamhspleách de agus deonaíodh stádas neamhbhrabúis 501(c)(3) uirthi níos déanaí.