Dreoilín
speiceas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Éan beag ceoil atá sa dá leathsféar den Domhan, ach clanna éagsúla sa dá cheann, is ea an dreoilín. An-fhlúirseach i Meiriceá teochreasach. A chlúmh donn nó scothdhearg in uachtar, agus bán, liath nó donnbhuí in íochtar. Patrún gleoite rialta ar a sciatháin is an dá thaobh dá bholg. Gob fada air, is a eireaball in airde. Itheann sé feithidí is damháin alla. Déanann an fireannach an-chuid ceoil, tríleach ard thar cheol aon éin eile. Déanann sé nead i gcruth sféir agus poll sa taobh mar bhealach isteach is amach, as caonach is féar, le cleití mar líneáil. Tógann sé dhá ál sa bhliain. An dara éan is lú in Éirinn, ach “rí na n-éan”.[1]
Fíricí Gasta Troglodytes troglodytes, Taifead ...
Troglodytes troglodytes | |
---|---|
Troglodytes troglodytes troglodytes | |
Taifead | |
Sonraí | |
Réise sciathán | 15 cm |
Meánlíon in ál | 6.3 |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 103883277 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Troglodytidae |
Géineas | Troglodytes |
Speiceas | Troglodytes troglodytes (Linnaeus, 1758) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Motacilla troglodytes |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha | Neora Valley National Park (en) , Singalila National Park (en) , Senchal Wildlife Sanctuary (en) , Dzuluk (en) , Khangchendzonga National Park (en) , Lachen (en) , Shingba Rhododendron Sanctuary (en) , Kamlang Wildlife Sanctuary (en) , Eaglenest Wildlife Sanctuary (en) , Mehao Wildlife Sanctuary (en) , Mishmi Hills (en) agus Sela Pass (en) |
Dún
- Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Troglodytes troglodytes; má tá suim agat in éin eile a dtugtar “dreoilín” orthu, féach Dreoilín (fine).