géineas plandaí From Wikipedia, the free encyclopedia
Géineas plandaí beaga ascaideacha feoiliteacha, de ghnáth ilbhliantúil, is ea Drosera. Tugtar drúchtíní nó drúchtíní móna orthu.[1] Tá siad dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha san Astraláise is an Afraic Theas. Na duilleoga spúnógchruthach nó liánchruthach, clúdaithe le gruaigí fada dearga. Na bláthanna cúigpheitealach le spící caola. Is cosúil le brathribí na ribí gruaige ar na duilleoga, iad inghluaiste, gach ceann le faireog sféarúil ar a cheann a thálann ábhar greamaitheach. Aomtar feithidí chuig na braoiníní lonracha agus greamaítear iad ansin. Nuair a thosaíonn siad ag coraíocht, lubann na gruaigí isteach, ag cur bac orthu éalú. Ansin lúbann an duilleog féin isteach chun an chreach a imchlúdú. Tálann na faireoga einsímí ansin, agus díleánn an planda an chreach roimh athoscailt na duilleoige is na ribí gruaige. Tá ar a laghad 194 speiceas ann.[2]
Drosera spatulata | |
Taifead | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Caryophyllales |
Fine | Droseraceae |
Géineas | Drosera L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Drosera rotundifolia |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.