baile i gContae Dhún na nGall From Wikipedia, the free encyclopedia
Tagraíonn an t-alt seo leis an bhaile darb ainm Dún na nGall. Fá choinne an chontae atá ainmnithe as, amharc ar Chontae Dhún na nGall
Dún na nGall | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | ||||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,618 (2016) | ||||
• Dlús | 987.92 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 2.65 km² | ||||
Airde | 32 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 74 | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 1414072 | ||||
Suíomh gréasáin | donegaltown.ie |
Is baile é Dún na nGall[1] i ndeisceart Chontae Dhún na nGall i bPoblacht na hÉireann.
Roimh an 17ú haois déag, bhí an baile ina phríomhdhún ag clann Ui Dhomhnaill, rialtóirí stairiúla Tír Chonaill. Tá fianaise ann go raibh daoine ag cur fúthu ar an láthair roimh theacht na Críostaíochta. Meastar gur mar gheall ar dhún a bheith ag na Lochlannaigh sa cheantar a tugadh Dún na nGall air. Tugann na mílte cuairt ar Chaisleán Dhún na nGall gach bliain, caisleán a thóg Clann Uí Dhónaill sa chúigiú haois déag. Tá ballóga seanmhainistreach ann chomh maith, mar a raibh Ord na bProinsiasach. Rinneadh cuid mhaith den obair ar Annála na gCeithre Máistrí, ceann de na lámhscríbhinní stairiúla is tábhachtaí in Éirinn, sa mhainistir seo.
Nuair a theith na hIarlaí i 1607 tar éis chogadh fhada in aghaidh na Sasanach, tugadh an caisleán agus a thailte don Sasanach Basil Brooke, mar chuid de Phlandáil Uladh. Rinneadh an baile a leagan amach le cearnóg ina lár ar a dtugtar an Diamaint.
Is ionad mór turasóireachta é an baile anois, é suite ag bun na gCruacha Gorma, agus in aice le cuid mhór tránna a mbíonn daoine ag tonnmharcaíocht orthu. Tá traidisiún láidir fíodóireachta sa bhaile agus sa cheantar máguaird, agus an-cháil ar chomhlacht Magee. Is ann atá ceannáras an nuachtáin an Donegal Democrat.
Tá Gaelscoil sa bhaile le tamall beag de bhlianta.
Taispeánann an tábla seo athruithe ins an daonra ins na blianta anuas:[2][3]
Bliain | Daonra | Athrú | Athrú, % |
---|---|---|---|
2002 | 2,453 | - | - |
2006 | 2,339 | -114 | -4.6% |
2011 | 2,607 | +268 | +11.5% |
2016 | 2,618 | +11 | +0.4% |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.