baile i gContae Chorcaí From Wikipedia, the free encyclopedia
Is baile é Dún Mánmhaí[1][2] nó Dúnmaonmhuí (Dunmanway i mBéarla), atá suite i gcroílár Iarthar Chorcaí, timpeall 20 ciliméadar ón bhfarraige, ar an bpríomhbhóthar idir Corcaigh agus Beanntraí.
Dún Mánmhaí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 1.82 km² | ||||
Airde | 16 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 23 Samhain 1693 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 023 | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 9852 | ||||
Suíomh gréasáin | dunmanway.ie |
Níl a fhios ag éinne go beacht cad as ar tháinig an t-ainm. Maítear go bhfuair an baile mór a ainm ón sean-dún Spáinneach a deirtear a bhíodh ann fadó. Ciallaíonn Dúnmaonmhuí an dún do na mná buí, agus ceaptar gurbh iadsan na mná Spáinneacha. Tuairiscíonn daoine eile go gciallaíonn an t-ainm Dún na mBeann no Dún Mhahon Bhuí.
Cé gur chúlaigh an Ghaeilge mar theanga labhartha mhuintir na háite sa 19ú céad, cloistear an teanga bheo fós i logainmneacha na háite mar,'magh, cnoc, gleann, carraig, áth, currach, ard, com, poll, loch, fán, muin díog, cluain, tóchar, gort, dair, páirc, droighean, coill, beith, cuileann, gabhal, dair, lios, dúinín, cathair, os, leaba, nead, fia, achadh, garrán.
Bhí an áit ar a dtugtar Dúnmaonmhuí inniu, suite i gcuid de chríocha Uí Eachaigh, treibh a shíolraigh ón Eoghanacht, a bhíodh i gceannas ar an áit ar a dtugtar Cúige Mumhan anois ar feadh na gcianta anallód. Sa bhliain 1254, briseadh ar threibh Mhic Mhathúna, an treibh ba chumhachtaí timpeall ar Dhúnmaonmhuí, agus ghlac clann Mhic Chárthaigh seilbh ar an áit. Tugadh MacCárthaigh ó Ghleann a' Chroim ar an treibh seo agus tógadh dhá chaisleán sa dúiche, ceann amháin i nDúnmaonmhuí féin agus ceann eile i dTóchar, tuairim is cúig chiliméadar ó thuaidh ó Dhúnmaonmhuí. Sa bhliain 1688, chaill Gleann a' Chroim a raibh acu agus ghlac William Arnopp, Robert Meade,Patrick Allen agus William Parker seilbh ar a dtailte.Bhí ré na nGael thart i nDúnmaonmhuí.
Ba é Risteard Mac Colgan (no Richard Cox as Béarla) a bhunaigh an baile mór agus tugadh cead dó dhá aonach a eagrú ann, ceann amháin ar an 23ú Aibreáin agus an ceann eile ar an 15ú de Mhí na Samhna gach bliain. Neartaigh an baile go dtí go raibh caoga teaghlach lonnaithe ann faoin mbliain 1733.
Thug Mac Colgan cead do Chaitlicigh cur fúthu sa bhaile mór, rud nár tharla i nDroichead na Bandan, a bhí faoi smacht ag Risteard Ó Baoill. Bhronn Liam Oráiste cairt bhaile ar an áit sa bhliain 1693 agus lonnaigh an-chuid fiadóirí línéadaigh ann.
Maraíodh triúr déag Protastúnach in imeacht trí oíche ar 26–28 Aibreán 1922 i nDún Mánmhaí, Contae Chorcaí, agus sa cheantar máguaird.
Is baile beag é sa lá atá inniu ann, (daonra 1,532, de réir an daonáirimh i 2002) agus é suite ar Abhainn na Bandan atá ag sní go Cuan Chionn tSáile. Is beag forbairt thionsclaíoch atá san áit anois agus cailleadh breis is céad post nuair a dúnadh monarcha mhór sa bhliain 2000.
Tá fáil ar thrí ollmhargadh, trí eaglais, ceithre bhunscoil, pobalscoil amháin, leabharlann, linn snámha agus páirc pheile Sam Maguire sa bhaile mór. Bunaíodh nasc idir an baile mór agus Quéven sa Fhrainc sa bhliain 1988, agus déantar an-chuid teagmhála idir an dá áit ó shin i leith.
I measc na ndaoine cáiliúla gurbh as Dúnmaonmhui dóibh ó dhúchas, tá an laoch mór Sam Maguire, a bhfuil de chlú agus cáil air de bharr an choirn (peil Ghaelach) a bhronntar i bPáirc an Chrócaigh gach bliain. Rugadh é i Meall a' Bhreaca gar do Dhúnmaonmhui sa bhliain 1877.Bhí ceathrar deartháir agus beirt deirfiúr aige. Oileadh é sa Mhódhscoil i nDúnmaonmhuí agus ansin i scoil cháiliúil eile, darbh ainm Scoil an tSléibhe, in Ard Uí bhFicheallaigh in aice le Cloch na Coillte.
Fuair sí post sa státseirbhís i Londain agus ghlac sé páirt ghníomhach sa Chumann Lúthchleas Gael ann. Ba phoblachtach go smior é agus bhuail sé le Mícheál Ó Coileáin i Londain. Bhí Sam Maguire ar son an tSaorstáit.[3]
Ghlac eitinn é agus cailleadh é i Meall a' Bhreaca ar an 6 Feabhra 1927 Tá sé curtha i reilig Naomh Mhuire i lár an bhaile mhóir.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.