Gluaiseacht a thosaigh i bhFlórans na hIodáile go luath sa 15ú céad nuair a chuardaigh na healaíontóirí Masaccio, Donatello is Brunelleschi tinfeadh ó ealaín is ailtireacht na Róimhe ársa clasaicí. Ag an am céanna le daonnacht nua sa litríocht chomhaimseartha, tháinig tuiscint nua maidir le stíl chun cinn. Bhí na péintéirí Piero della Francesca, Mantegna is eile ag féachaint go dian le coibhnis chlasaiceacha a léiriú ina bhfigiúirí, agus chabhraigh córas nua na peirspictíochta leo doimhneacht a chur sna pictiúir. I ndiaidh Donatello, ba iad Ghiberti, Verrocchio is Michelangelo na dealbhóirí ab fhearr. Rinne Leonardo da Vinci is Raphael portráidí agus saothair reiligiúnda is stairiúla. Tugtar an Ard-Athbheochan ar an tréimhse timpeall 1500-1520. Sa 16ú céad leathnaigh stíl na hAthbheochana don chuid eile den Iodáil, an Veinéis go háirithe, agus an chuid is mó d'iarthar na hEorpa.[1]

Thumb
Amor Sacro e Amor Profano le Tiziano Vecelli (timp. 1514)

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.