Fiabhras
From Wikipedia, the free encyclopedia
Breoiteacht a ngabhann ardú teochta agus rith cuisle léi is ea fiabhras,[1] nó riocht cliniciúil ina n-éiríonn teocht na colainne os cionn uasteorainn an normail. Is gnáth le céad bliain nó níos mó teocht an othair a thomhas i scrúdú diagnóiseach.
Cineál | comhartha cliniciúil agus neurological and physiological symptom (en) |
---|---|
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais Druga Frith-athlastach Neamhstéaróideach, ibuprofen (en) , paraicéiteamól, mefenamic acid (en) , salicylamide (en) , diflunisal (en) , phenacetin (en) , naproxen (en) agus aspairín | |
Aicmiú | |
ICD-10 | R50 |
ICD-9 | 780.6 |
CIAP | A03 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0114489 |
DiseasesDB | 18924 |
MedlinePlus | 003090 |
eMedicine | 217675 |
MeSH | D005334 |
UMLS CUI | C0015967 agus C0085594 |
Bíonn an teocht normálta ag 36.6-37.7 °C nuair a thomhaistear í le teirmiméadar reicteach. Braitheann teocht na colainne ar chothromaíocht idir táirgeadh teasa is cailliúint teasa, agus rialaíonn an hipeatalamas í. Cruthaítear fiabhras (a bheith fiabhrasach) nuair a chuirtear isteach ar an gcóras rialaithe seo ag ceimiceáin a dtugtar pirigéiní orthu, a fhuasclaítear nuair a dhéanann próisis phaiteolaíocha ar leith dochar do chealla sa cholainn.
Go minic, is de bharr ionfhabhtaithe a tharlaíonn fiabhras, ach is féidir an toradh céanna a bheith ar ailsí áirithe is ionfharchtadh miócairdiach (fíochán marbh cairdiach).[2]