Fliúit
From Wikipedia, the free encyclopedia
Gléas ceoil ina ngníomhaíonn an seinnteoir colún aeir trí shéideadh trasna poll béil nó (mar a dhéantar le fliúit Shasanach) trí phíobán i gcoinne ciumhaise géire. Roinntear na fliúiteanna in dhá rang: iad sin a shéidtear trasna orthu, agus iad sin a shéidtear tríd an gceann. Sa ghnáthchaint, ciallaíonn fliúit an gléas ceolchoirme a shéidtear trasna air. Thugtaí an fhliúit Ghearmánach uirthi go dtí timpeall 1900. Bíonn sí déanta as adhmad nó, níos minice anois, miotal, i 3 theascán siúntaithe, le 13 thonpholl agus córas casta gléasanna a ligeann an compás crómatach iomlán de 3 ochtach ó C meánach suas. Fuaimníonn an fhliúiteog, atá níos lú, ag ochtach níos airde.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Aicmiú Hornbostel-Sachs ...
![]() | |
Cineál | uirlis feaga, gaothuirlisí adhmaid, déantán seandálaíochta, rud ábhartha saorga agus uirlis cheoil |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 421 |
Raon seinm | ![]() |
Sampla fuaime | |
Gairm ealaíonta | fliúiteadóir |
Dún