Fuil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Leacht speisialtaithe de chuid na colainne is ea an fhuil. Soláthraíonn sí ábhar riachtanach – ocsaigin (O2) agus cothaithigh – do chealla na colainne, agus iompraíonn sí fuíolltáirgí meitibileacha ó na cealla seo go dtí na baill eisfheartha: na duáin, an t-ae, na scamhóga agus an stéig. Lánaíonn sí roinnt fheidhmeanna eile chomh maith: iompraíonn sí na hormóin timpeall na colainne, agus tá páirt láidir aici i gcosaint na colainne ó ionfhabhtú.
Sonraí | |
---|---|
Laidin | sanguis |
Cuid de | córas imsruthaithe |
Aitheantóirí | |
MeSH | D001769 |
TA | A12.0.00.009 |
FMA | 9670 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/blood-biochemistry |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Tá trí chomhpháirt san fhuil: na fuilchealla dearga, a iompraíonn ocsaigin; na fuilchealla bána, a chosnaíonn an cholainn ó ionfhabhtú, maraon leis na pláitíní, a chneasaíonn gránuithe agus créachtaí; agus an plasma, leacht a iompraíonn na cealla fola agus ina dtuaslagaíonn na substainte iompartha eile.
Sna daoine fásta, is sa smior a chruthaítear na fuilchealla nua, i bpróiseas ar a dtugtar fuilghiniúint.
Úsáidtear an focal céanna fuil i nGaeilge na hAlban.