géineas plandaí From Wikipedia, the free encyclopedia
Planda dreapaire adhmadach duillsilteach a théann isteach i scoilteanna, áit a n-atann sé chun mais ghreamaithe a chruthú agus tacaíocht a sholáthar dó féin. Na duilleoga bosach, 3-5 liopa, fiaclach. Na bláthanna flúirseach i mbláthra crochta bídeach glas. Na torthaí (fíonchaora) aibí milis, scothbhuí nó corcra, le blás bán céarach go minic. Na teannóga fótatrófach go diúltach. Is dócha go bhfuil sí dúchasach do dheisceart na hÁise. An-chuid cineálacha di saothraithe anois i réigiúin mheasartha, le haeráid Mheánmhara go háirithe. Mar fhoinse fíona, an-tábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de. Baintear feidhm as cineálacha ar leith ó Mheiriceá Thuaidh (fíonchaor an tsamhraidh is fíonchaor an tsionnaigh) atá frithsheasmach i gcoinne feithidí a iompraíonn galair, phylloxera is eile, mar bhonnstoc d'fhiniúnacha na hEorpa anois. Úsáidtear fíonchaora triomaithe mar chuiríní, rísíní, is sabhdánaigh.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.