Fómhar
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is séasúr é an fómhar, idir an samhradh agus an geimhreadh.
In Éirinn, tosaíonn an Fómhar ar an gcéad lá de Mheán Fómhair agus leanann ar aghaidh go dtí deireadh mhí na Samhna.[1] Sa séasúr seo tosaíonn an aimsir ag éirí níos fuaire. Tosaíonn na duilleoga ag titim de na crainn agus ní bhíonn an méid céanna bláthanna ann.