Gearóid Mac Gearailt
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é an Dr. Gearóid Mac Gearailt (Béarla: Garret Fitzgerald; 9 Feabhra 1926 - 19 Bealtaine 2011) an seachtú Taoiseach ar Phoblacht na hÉireann. Bhí sé mar Aire Gnóthaí Eachtracha ó 1973 go 1977, nuair a ceapadh mar cheannaire ar Fhine Gael é. Chaith sé dhá théarma mar Thaoiseach, an chéad cheann idir Iúil 1981 agus Feabhra 1982, agus an dara ceann idir mí na Nollag 1982 agus mí an Mhárta 1987.
Ceaptar go forleathan san 1980idí gurbh eisean an ceannaire ab fhearr de chuid Fhine Gael le blianta.[1] Le linn a shaoil mar pholaiteoir bhí an-ghnaoi air - ghlaoigh gach taobh an t-ainm 'Garret' air, mar shampla. Lena nádúr cuideachtúil, an cumas a bhí aige labhairt níos tapúla ná mar a cheap daoine a d'fhéadfaí a dhéanamh agus an dealramh a bhí aige le hollamh dearmadach, ba pholaiteoir feidhmiúil é ó tháinig sé isteach sa saol polaitiúil i lár na 1960í go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1992.[2]