![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5e/RussianAbortionPoster.jpg/640px-RussianAbortionPoster.jpg&w=640&q=50)
Ginmhilleadh
foirceannadh toirchis / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is ginmhilleadh ann ná deireadh a chur le toircheas trí suth nó féatas a bhaint nó a dhíbirt sula bhféadann sé maireachtáil taobh amuigh den útaras.
Tugtar breith anabaí nó ginmhilleadh spontáineach ar eachtraí a tharlaíonn gan idirghabháil. Nuair a ghlactar céimeanna d'aon ghnó chun deireadh a chur le toircheas, tugtar ginmhilleadh spreagtha air nó go hannamh ná sin "breith anabaí spreagtha".
De ghnáth tagraíonn an téarma neamhathraithe ginmhilleadh do ghinmhilleadh spreagtha.[1][2] Tugtar "foirceannadh déanach ar thoircheas" , ar ghnáthamh comhchosúil tar éis don fhéatas maireachtáil taobh amuigh den bhroinn.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5e/RussianAbortionPoster.jpg/640px-RussianAbortionPoster.jpg)