From Wikipedia, the free encyclopedia
Amhrán náisiúnta na Nua-Shéalainne is ea "God Defend New Zealand", ceann de dhá amhrán náisiúnta na Nua-Shéalainne ("God Save the Queen" is ea an ceann eile). Scríobh sé an file agus iriseoir Thomas Bracken (21 Nollaig 1843 – 16 Feabhra 1898) na liricí.[1]
Foirm cheoil | amhrán náisiúnta |
---|---|
Sámpla ceoil | |
Tonúlacht | mórghléas G |
Cumadóir | John Joseph Woods |
Liriceoir | Thomas Bracken agus Thomas Henry Smith |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla na Nua-Shéalainne agus an Mhaorais |
Dáta a bunaíodh | 1977 |
Dáta foilsithe | 1870í |
Seánra | dán |
Sa bhliain 1876, foilsíodh an dán "God Defend New Zealand".[2] Sa bhliain 1940 glacadh leis mar iomann náisiúnta, agus mar amhrán náisiúnta i 1977.
Bhí Bracken báúil le cúis na Maorach. Deirtear go bhfuil tagairt do Te Kooti, ar thaoiseach tábhachtach as iarthar na tíre é, agus do na Maoraigh sa líne “guard Pacific’s triple star". Ach deir staraithe eile gur meafar é do thrí oileán na tíre. D’aistrigh breitheamh an t-amhrán go Maorais don chead uair in 1878, ach ní raibh mórán tráchta ar an leagan sin go deireadh an chéid seo caite.
B’ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Corn an Domhain sa Rugbaí i 1999 a canadh é i Maorais amháin. Bhí raic ann, mar níor thuig go leor Nua-Shéalainneach brí na bhfocal. Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh. Tar éis do Te Taura Whiri (Coimisiún Teanga na Maoirise) bileoga eolais a eagrú, foghlaimíodh na focail. Anois, is é an nós ná rann amháin a chanadh i mBéarla agus an chéad rann eile i Maorais.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.