From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is haiceálaí ann ná duine a bhfuil ardscileanna ríomhaireachta aige/aici a úsáideann eolas teicniúil chun sprioc a bhaint amach nó constaicí a shárú laistigh de chóras ríomhaireachta, go háirithe ar bhealach cliste nó seiftiúil. I measc saineolaithe ríomhaireachta, is téarma moltach é seo. Sa lá atá inniu ann, áfach, is minic a úsáidtear an téarma seo le brí ghaolmhar ach difriúil; is é sin “haiceálaí slándála” (nó “bradaí”), duine a bhriseann isteach i gcóras ríomhaireachta gan chead.
Cineál fostaíochta | eolaí ríomhaireachta, saoithín agus geek (en) |
---|---|
Réimse oibre | haiceáil |
Cuirtear “naíonáin scriptithe”[1] san áireamh le haiceálaithe den sórt seo — daoine gan mórán eolais teicneolaíochta acu a úsáideann ríomhchláir scríofa ag daoine eile chun briseadh isteach i ríomhairí. Toisc go bhfuil an lámh in uachtar sna meáin chumarsáide ag an mbrí a bhaineann le cúrsaí slándála, feictear téarmaí eile i nGaeilge ar an mbrí níos leithne, mar shampla “seifteoir” nó “ríomhéigeas”.[2] Ba é “bradaí” an téarma a mhol an Coiste Téarmaíochta ar “haiceálaí slándála” i dtús báire, ach dímholadh an téarma sin tamall ó shin, agus is é “haiceálaí” an téarma oifigiúil anois, in ainneoin na hathbhrí.[3] Tá an bhunbhrí fós i mbéal an phobail i dtéarmaí nua ar nós “haiceálaí fáis”[4] agus “haiceálaí saoil”.
Tháinig cultúr na haiceálaithe chun cinn i dtús báire i measc pobail ríomhchláraitheoirí agus dearthóirí córais sna 1960idí ag MIT, go háirithe sa Tech Model Railroad Club agus sa tSaotharlann Intleachta Saorga.[5][6] Leathnaigh an coincheap go dtí an pobal a thóg ríomhairí baile mar chaitheamh aimsire sna 1970idí, mar shampla an Homebrew Computer Club. Rinne an t-údar Steven Levy cur síos ar an stair seo ina leabhar Hackers: Heroes of the Computer Revolution a foilsíodh den chéad uair in 1984.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.