fisiceoir Gearmánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisiceoir Gearmánach ab ea Johannes (Hans) Wilhelm Geiger (30 Meán Fómhair 1882 – 24 Meán Fómhair 1945). Tá clú agus cáil air de bharr a chuid oibre le háiritheoir Geiger agus an turgnamh Geiger-Marsden a d'aimsigh núicléas an adaimh den chéad uair.
Rugadh Geiger i Neustadt-an-der-Haardt, sa Ghearmáin. Ba shaineolaí ar chultúr na hIndia é a athair ag Ollscoil Erlangen.
Sa bhliain 1902 thosaigh Geiger óg déanamh staidéir ar an bhfisic agus ar an matamaitic ag Ollscoil Erlangen. Bronnadh dochtúireacht air ón ollscoil chéanna sa bhliain 1906 (24 bliain d'aois).
I 1907 thosaigh sé ag obair le Ernest Rutherford ag Ollscoil Manchain i Sasana ar radaighníomhaíocht, agus go príomha, astú béite ghathanna / béite-cháithníní.
Sa bhliain 1909, dhear sé ionstraim áirimh lena chomhghleacaí Walther Muller chun an ghathaíocht seo a thomhas. Le chéile rinne siad an chéad áiritheoir Geiger.
Agus Geiger ag obair le Ernest Rutherford i Manchain ar radaighníomhaíocht, agus go príomha, astú béiteghathanna/béite-cháithníní, dhear sé ionstraim áirimh lena chomhghleacaí Walther Muller chun an ghathaíocht seo a thomhas.[1]
Rinne Geiger agus Ernest Marsden an turgnamh cáiliúil úd ar a dtugtar Turgnamh Geiger-Marsden,
Sa bhliain 1911 d'aimsigh Geiger, i dteannta John Mitchell Nuttall, an Dlí (nó Riail) Geiger-Nuttall agus rinne siad turgnaimh a cabhraigh le Rutherford a shamhail adamhach a cruthú.
Sa bhliain 1928, lena dalta, d'fheabhsaigh siad an t-áiritheoir Geiger. D'oibrigh sé freisin le James Chadwick.
Fuair Geiger bás in Potsdam, sa Ghearmáin, cúpla mí i ndiaidh deireadh an Dara Cogadh Domhanda. Croíbhriste, ní raibh ach 62 bliain d’aois aige.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.