Harold Kroto
ceimiceoir Briotanach (1939-2016) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceimicí a rugadh ar 7 Deireadh Fómhair 1939 i Wisbech Shasana ab ea an Ridire Harold (Harry) Walter Kroto nó Harold Walter Krotoschiner mar a rugadh é. Ag obair lena chomhghleacaithe Richard Smalley is Robert Curl ar ábhair leathsheoltacha, tháinig sé ar ábhar nua trí thimpiste. Ag eisídiú adaimh carbóin as dromchla le léas léasair, á bhfuarú is á sú isteach i bhfolús, móilíní le 60 adamh carbóin iontu, 70 adamh uaireanta, a fuair siad mar thoradh den chuid is mó. Ba é seo 3ú allatróp an charbóin, C60. Is iad graifít, a bhfuil cruth leatháin uirthi, is diamant, a bhfuil cruth teitrihéidreach air, an dá cheann eile. Chinn siad gur cruth cáis sféaraigh a bhí ar an allatróp nua, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, cosúil le liathróid sacair agus adamh carbóin ag gach cúinne. Tús ab ea na fullairéiní nó millíní bucaí seo i 1985 le réimse torthúil lán-nua ceimice. Bronnadh Duais Nobel na Ceimice ar an triúr sa bhliain 1996 as.
Fuair Kroto bás ar an 30 Aibreán 2016.[1]