Óglaigh na hÉireann (1922-1969): na frith-chonraitheoirí nár ghlac leis an gConradh Angla-Éireannach, agus a throid in aghaidh an tSaorstáit nua sa Chogadh Cathartha agus ó shin i leith. Tugtar (nó thugtaí) an t-ainm céanna ar roinnt grúpaí paraimíleata in Éirinn atá ag iarraidh aon stát amháin a bhunú ar oileán na hÉireann nach mbeadh aon bhaint aige leis an Ríocht Aontaithe. Tá gach ceann de na grúpaí sin ag maíomh ginealais ar an gcéad IRA, airm na poblachta Éireannaí a d'fhógair Dáil Éireann sa bhliain 1919:
An tIRA Sealadach - bunaíodh sa bhliain 1969 é. Tá clú ar an ngrúpa mar gheall ar na hionsaithe paraimíleatacha ó na 1970í anuas go dtí na 1990í. Leis an ngrúpa seo is mó a shamhlaítear an téarma 'IRA' inniu.
An tIRA Oifigiúil - an chuid eile den IRA, an chuid a fágadh nuair a scoilt an tIRA Sealadach ón ngrúpa bunaidh sa bhliain 1969. De réir dealraimh, d'éirigh an grúpa seo as an ngleic armtha, nó roghnaigh an ceannaire, Cathal Goulding, dul le polaitíocht.
An tIRA Leanúnach - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1980í, mar gheall ar shocruithe polaitiúla Shinn Féin.
An Fíor-IRA - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1990í nuair a staon an grúpa sin ón bhforéigean.
Óglaigh na hÉireann (scoiltghrúpa ón IRA Leanúnach) - Scoilt an grúpa seo ón IRA Leanúnach i 2006.
Tá níos mó ná brí amháin leis an bhfocal "Óglaigh na hÉireann"; déan rogha ón liosta seo. Idirdhealán is ea an leathanach seo - má thainig tú anseo trí ghlíogáil ar nasc éigin in alt Vicipéide, treoraigh an nasc sin go dtí an leathanach ceart le do thoil, nó léigh anseo.
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.