Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. Bunaíodh Saorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas agus thug sé rogha don pharlaimint Tuaisceart Éireann a bheith mar pháirt don Saorstáit nua nó le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Chomhlathas na Breataine, agus bhí ceithre chalafort le fanacht in úsáid na Breataine.[1]
Síníodh an conradh ar an 6 Nollaig1921 agus tháinig sé i bhfeidhm bliain amháin níos déanaí ar an 6 Nollaig 1922.
Remove ads
Próiseas
Tharla roinnt babhtálacha teasaí le linn na ndíospóireachtaí.[2] Mhaígh an dream a bhí i gcoinne an Chonartha nach raibh an t-aontú gairid go leor don phoblacht ardcheannasach ar throideadar ar a son. Dúirt Mícheál Ó Coileáin nach raibh ''the ultimate freedom that all nations aspire and develop to'' i gceist ann sa Conradh, ach go raibh ''the freedom to achieve it.” bainte amach ag lánchumhactóirí na hÉireann[3]
Dáil Éireann, Teach an Ard-Mheara, Lúnasa, 1921
Dhaingnigh an Conradh sa Dáil ar an 7 Eanáir1922. Tar éis an toraidh, shiúil Éamon de Valéra agus a leathbhádóirí, a labhair i gcoinne an Chonartha, amach as an seomra.
Dhá lá ina dhiaidh sin, ar 9 Eanáir 1922, sheas Eamon de Valera síos mar Uachtarán. Toghadh Art Ó Gríofa ina Uachtarán nua ar an Dáil.
I ndiaidh an tsínithe, ní raibh na hÉireannaigh ar aon tuairim faoin gConradh. Tamaill ina dhiaidh, bhris Cogadh Cathartha amach idir lucht a thacaithe agus iad siúd a chuir ina choinne.
Remove ads
Forálacha an Chonartha
Liam Lynch agus an "Army Convention" Mansion House, BÁC 9 Aibreán 1922.Chaithfeadh fórsaí armtha na Breataine Móire imeacht as Éirinn
Gheobhadh an chuid ba mhó d'Oileán na hÉireann stádas an tiarnais fhéinrialaithigh
Cosúil leis na tiarnais eile, bheadh an stát nua, Saorstát Éireann, á rialú ag monarc na Ríochta Aontaithe, agus Gobharnóir Ginearálta ag déanamh ionadaíochta dó in Éirinn
Chaithfeadh feisirí na parlaiminte nua dílseacht a mhionnú don mhonarc
Dá roghnódh Tuaisceart Éireann gan dul sa stát nua, thiocfadh Coimisiún Teorann ar leith le chéile chun teorainneacha an dá stát a tharraingt is a shocrú
D'fhágfaí cuanta áirithe in Éirinn faoi fhorlámhas na Ríochta Aontaithe - Loch Súilí, an Cóbh agus Baile Chaisleáin Bhéara - toisc go raibh siad ag teastáil go géar ó na Sasanaigh ar chúiseanna slándála
Ghlacfadh Rialtas na hÉireann freagracht air as a chuid féin d'fhiacha eachracha na Ríochta Aontaithe
Dá mbeadh an Conradh agus dlí na hÉireann ag teacht salach ar a chéile, bheadh tús áite ag an gConradh.