From Wikipedia, the free encyclopedia
Níl aon fhianaise go bhfuil aon neach beo intleachtach ar aon rinn spéire taobh amuigh den Domhan. De bhrí go bhfuil an oiread sin pláinéad sa Chruinne, áfach, agus hidrigin, uisce, is foinsí fuinnimh ar an-chuid díobh, creideann réalteolaithe gur dóchúil é go bhfuil neacha intleachtacha amuigh sa spás agus sibhialtachtaí acu. Táthar ann ina measc a cheapann gur dóchúil é go bhfuil 10,000-100,000 sibhialtacht ar phláinéid de chuid Bhealach na Bó Finne féin. Ó timpeall 2000 tá NASA i mbun scéime chun intleacht nó beatha eachtardhomhanda a chuardach, an Suirbhé Micreathonn Ardtaifigh. Tá radaiteileascóip spáis lainseáilte chun an radaíocht mhicreathonnach amuigh sa spás a ghlacadh agus aon eolas nó comhartha os cionn an fhothraim a thástáil is a léamh, más féidir é.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.