polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Dlíodóir, státaire agus Propast ar Choláiste na Tríonóide, BÁC, ab ea John Hely-Hutchinson (1724 – 4 Meán Fómhair 1794). Bhí sé gníomhach sna fiche nó tríocha bliain dheireanacha de Pharlaimint na hÉireann.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1724 |
Bás | 4 Meán Fómhair 1794 69/70 bliana d'aois |
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de | An Cumann Ríoga (1794–) |
Teaghlach | |
Céile | Christiana Hely-Hutchinson (1751–) |
Páiste | Christopher Hely-Hutchinson, John Hely-Hutchinson, Dara hIarla Dhomhnaigh Mhóir, Augustus Abraham Hely Hutchinson, Richard Hely-Hutchinson, Céad Iarla Dhomhnaigh Mhóir, Mary Hely Hutchinson, Francis Hely-Hutchinson |
Athair | Francis Hely agus Prudence Earbury |
Gradam a fuarthas |
Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ba ea Hely-Hutchinson, a bhain BA amach sa bhliain 1744.
Glaodh chun Bharra na hÉireann air sa bhliain 1748. Go luath ina shaol oibre a rinneadh ard-abhcóide agus ríchomhairleoir de. Bhí sé ina Phríomh-Rúnaí Stáit ó 1777 go 1794.
Bhí Hely-Hutchinson ina bhall de Theach na gComóntach d'Éirinn (thar ceann trí thoghcheantar ar leith) ó 1759 go dtí go bhfuair sé bás.
Abhcóide an-rathúil agus parlaiminteoir agus riarthóir de scoth, bhailigh Hely-Hutchinson onóracha agus poist mar gheall ar an bpáirt ríthábhachtach a bhí aige agus é ag bainistiú Theach na gComóntach thar ceann an Rialtais.
D'aontaigh Hely-Hutchinson leis an ngluaiseacht i bhfabhar neamhspleáchas reachtach pharlaimint na hÉireann, cé gur chuir an oifig a bhí aige bac ar an méid a d'fhéadfadh sé a rá faoi.
Sa bhliain 1774 d'éirigh Hely-Hutchinson as mar ard-abhcóide agus thug sé tuarastal gan saothrú suas (a bhí aige ó 1769), ionas go mbeadh sé in ann a bheith ina Phrofast ar Choláiste na Tríonóide, post a bhí aige go dtí a bhás.
Measadh den chuid is mó go raibh sé ina phrófast an-éifeachtach. Mhol sé go láidir go ligfí mic léinn Caitliceacha isteach sa choláiste. Ina theannta sin, thug sé tacaíocht láidir do shaorthrádáil (agus bhí sé ar dhuine de na chéad pholaiteoirí a ghlac le tuairimí Adam Smith maidir leis an ábhar seo agus ábhair ghaolmhara).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.