Kate McKinnon
fuirseoir agus ban-aisteoir Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fuirseoir agus ban-aisteoir Meiriceánach is ea Kathryn McKinnon Berthold nó Kate McKinnon, an t-ainm a úsáideann sí ina saol gairmiúil, a rugadh ar 6 Eanáir 1984[1][2][3] Aithnítear í thar aon ní eile as a cuid sceitsí grinn ar na cláracha teilifíse Saturday Night Live agus The Big Gay Sketch Show.[4] Rinne sí páirt an Dr. Jillian Holtzmann insan athdhéanamh a rinneadh sa bhliain 2016 den scannán Ghostbusters.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Eanáir 1984 40 bliana d'aois Sea Cliff, New York |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Columbia North Shore High School (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht agus scríbhneoireacht scannán |
Gairm | aisteoir scannáin, polaiteoir, ban-aisteoir, aisteoir gutha, aisteoir teilifíse, fuirseoir, scríbhneoir scripte |
Tréimhse oibre | 2007 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
|
Tá clú uirthi mar gheall ar a cuid saothair le carachtair [5] agus a cuid aithrisí ar dhaoine cáiliúla.[6] Aithnítear í as na haithrisí atá déanta aici ar phop-amhránaí Justin Bieber, fuirseoir agus bean an tí teilifíse Ellen DeGeneres,[7] agus polaiteoir Hillary Clinton.[7][8] Ainmníodh í do cheithre Primetime Emmys, trí cinn díobh mar shár-bhanaisteoir taca i sraith ghrinn—as a bhfuair sí ceann amháin sa bhliain 2016—agus ceann ar son ceoil agus liricí bunúsacha.