Ken Livingstone
polaiteoir Sasanach (rugadh 1945) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceannaire rialtais áitiúil é Kenneth Robert Livingstone sa Ríocht Aontaithe (17 Meitheamh 1945 a rugadh é).
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ba Mhéara Londan é Livingstone ó cruthaíodh an post sin i 2000 go dtí an 3 Bealtaine 2008. Bhí sé ina cheannaire ar Chomhairle Mhórcheantar Londan ó 1981 go dtí 1986 nuair a cuireadh é ar ceal. Toghadh ina Fheisire Parlaiminte é i 1987 do thoghcheantar Brent East, ach níor bhain sé taitneamh as an bpolaitíocht náisiúnta agus ní raibh mórán tionchair aige sa Pharlaimint.
Tugtar Red Ken ar Livingstone mar gheall ar a dhearcadh den eite chlé. Níor éirigh leis ainmniúchán Pháirtí an Lucht Oibre a fháil i 2000 do thoghchán Mhéara Londan, agus sheas sé mar iarrthóir neamhspleách. Ligeadh isteach arís é go dtí an páirtí i mí Eanáir 2004, agus roghnaíodh mar iarrthóir an pháirtí i dtoghchán Mhéaracht Londan (Meitheamh 2004). Atoghadh é le 828,380 vótaí.