Vicipéid:Lámhleabhar Stíle
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an 'Lámhleabhar Stíle seo comhdhéanta de threoirlínte, á n-úsáid chun stíl chothrom a chur i bhfeidhm ar Vicipéid. Is minic a bhíonn go leor bealaí ann chun rud éigin a scríobh, agus má roghnaíonn tú bealach amháin mar chaighdeán beidh sé níos éasca an Vicipéid a léamh, a úsáid, a scríobh, agus a athrú. Ní gá go n-aontódh gach duine gurb í an stíl áirithe sin is fearr don scríbhneoireacht, agus ní deirtear sin.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cuirtear i gcuimhne do chomhoibrithe nua gur tábhachtaí go mór an scríbhneoireacht shoiléir fhaisnéiseach neamhchlaonta ná an cur i láthair agus an fhormáid. Ní cheanglaítear ar scríbhneoirí aon cheann de na rialacha seo a leanúint: is é buntáiste na heagarthóireachta mearshuímh nach bhfuil gá le foirfeacht. Tá Vicipéideoirí ann a thugann aird ar leith ar stíl na Vicipéide, agus cuirfear caoi ar leathanaigh an lámhleabhair dá réir.
Chun eolas a fháil ar conas feidhm a bhaint as an scríobhchód seachas cló trom nó cló iodálach amháin a úsáid, féach ar Conas a chuirtear leathanach in eagar. Tráchtann an t-alt seo ar cathain a úsáidtear an scríobhchód, cé gur léir an méid sin ó na samplaí féin go formhór.