Klemens Wenzel von Metternich
taidhleoir Ostarach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba pholaiteoir agus státaire de chuid na hOstaire-na Gearmáine é Klemens Wenzel, an Prionsa von Metternich (Gearmáinis: Klemens Wenzel Nepomuk Lothar, Fürst von Metternich-Winneburg zu Beilstein) (15 Bealtaine, 1773 - 11 Meitheamh, 1859) agus bhí sé ar na taidhleoirí is tábhachtaí lena linn.[1][2] Ba phearsa mór le rá é sa gcaibidlíocht roimh agus i rith Chomhdháil Vín, agus meastar é araon mar pharadigm na bainistíochta bheartas eachtrach agus pearsa mhór i bhforbairt chleachtas na taidhleoireachta. Ba chleachtóir eiseamláireach na taidhleoireachta é sa 19ú haois a chreid i bpolaitíocht na cumhachta mar a phríomhaidhm; a bhí fréamhaithe go domhain i gcreideamh chothromaíocht na cumhachta. Tríd na glúinte, cáineadh Metternich go géar mar fhrithghníomhaí dall. Tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, thug roinnt staraithe le tuiscint gurb é ceann de na cúiseanna ba mhó len é a bheith in aghaidh na cumhachta a roinnt le gnáth dhaoine ná go raibh sé buartha go mbainfeadh náisiúnachas na Gearmáine ceannasaíocht pholaitiúil bainte amach.