Leabhar Dhioma
From Wikipedia, the free encyclopedia
Leabhar Soiscéalach póca Éireannach de chuid na 8ú haoise is ea Leabhar Dhioma (Leabhar Dimma, Coláiste na Tríonóide, MS.A.IV.23), ó dhúchas as Mainistir Ros Cré, bunaithe ag Crónán Ros Cré. I dteannta le Soiscéil Lúcáis agus Eoin, tá ann ord Ola Déanaí agus Comaoineach na hEaslán. Ó thaobh dhathmhaisithe de atá fós ar marthain tá roinnt túslitreacha daite, trí leathanach le portráidí Soiscéalaí, agus leathanach amháin le siombail soiscéalaí. I measc a leithéide i n-ealaín na nOileán, tá Leabhar Aifrinn Lothra agus Leabhar Mo Ling.[1]
Cineál | Leabhar Soiscéal agus lámhscríbhinn dhathmhaisithe |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Laidin |
Dáta a bunaíodh | 750 ↔ 800 |
Bunábhar | pár |
Scríobhadh an téacs seachas soiscéal Eoin le script reatha, agus Eoin féin ag scríobhaí éagsúil le mionscript néata.[2] Cuireadh an síniú Dimma Mac Nathi ag deireadh gach soiscéil. Tá an Dioma seo aitheanta de réir sean-nóis le heaspag a rinneadh níos déanaí Easpag Choinnire de, luaite le Pápa Eoin IV i litir ar Phealagachas sa bhliain 640. Ní féidir an aitheantas séú a chinntiú, áfach.