Lócaiste
From Wikipedia, the free encyclopedia
Féach freisin: Lócaiste (idirdhealú)
Aon cheann de chuid mhaith saghsanna dreoilín teaspaigh le timthriall dé-phasach beatha. Nuair nach mbíonn siad flúirseach, bíonn siad aonarach ina n-iompar agus dathanna duaithníochta orthu. Ach nuair a bhíonn siad an-fhlúirseach, éiríonn siad ildaite tréadúil, éiríonn ar saithe, déanann imirce, agus go minic déanann dochar tromábhal ar bharra is fásra nádúrtha. Is iad na príomhshaghsanna ná an lócaiste imirceach, lócaiste an fhásaigh, agus an lócaiste dearg.[1]