From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Máirt na hInide (nó "Lá na bPancóg" in Éirinn uaireanta) ar an Máirt roimh an gcéad lá den Charghas i bhféilire Críostaí.[1] Tosaíonn an Carghas ar Chéadaoin an Luaithrigh.
Cineál | lá saoire |
---|---|
Lá | Easter − 47 days (en) |
Tugtar Mardi Gras nó "Máirt Ramhar" uirthi i dtíortha éagsúla. Is ón bhFraincis a thagann na focail ‘Mardi Gras’. Ón Laidin a thagann an focal Gaeilge ‘inid’. ‘Tús an Charghais’ atá i gceist le ‘inid’,[2]
Déantar Máirt na hInide a cheiliúradh ar bhealaí éagsúla mórthimpeall an domhain.
Lá mór bainiseacha a bhíodh i Máirt na hInide in Éirinn fadó. Ní raibh cead ag daoine pósadh le linn an Charghais an t-am sin. Mar sin, phósadh a lán daoine roimh thús an Charghais ar Mháirt na hInide.
Nós eile a bhíodh ann fadó go gcaitheadh mná óga, nach raibh pósta, pancóg san aer agus go ndéanaidís iarracht breith uirthi arís sa fhriochtán gan ligean di titim ar an urlár. Dá n‑éireodh le bean é sin a dhéanamh deirtí gur cinnte go mbeadh sí pósta roimh dheireadh na bliana.
Uaireanta in Éirinn inniu tugtar Máirt na bPancóg nó Lá ba bPancóg ar an lá. Go traidisiúnta, itheann daoine a lán pancóg ar an lá sin. Is aoibhinn le daoine pancóga le him, siúcra, liomóid, sméara, uachtar agus fiú seacláid.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.